Gréasáin na Gaeilge
Tá go leor gréasán ag feidhmiú trí Ghaeilge fud fad na tíre agus gheobhaidh tú eolas anseo ar roinnt de na gréasáin sin. Tá gréasáin ann a thagann le chéile thart timpeall ar imeachtaí spóirt, ceoil agus grinn. Bí cinnte go nglacann tú páirt i ngréasáin a oireann duit féin, seol sonraí an ghréasáin sin chugainn agus cuirfidh muid suas ar ár suíomh iad.
- Gheobhaidh tú blaiseadh ar roinnt de na gréasáin Ghaeilge atá ag feidhmiú ón bhfíseán seo le Beocht agus Beatha, an t-eagrán is déanaí de Shraith Chultúr na nÓg le Thinkhouse:
- Is coiste pobail Gaeilge é Glór Mológa agus é mar phríomhaidhm acu pobal labhartha na Gaeilge a fhorbairt i gCrois Araild, Camaigh agus Tír an Iúir.
Nasc: Facebook: Glór Móloga
Físeán: Molscéal Féasta Sráide - Is Cumann Lúthchleas Gael iad Na Gaeil Óga a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.
Nasc: www.nagaeiloga.ie agus Club Baile Átha Cliath: Na Gaeil Óga - Is Cumann Lúthchleas Gael iad Laochra Loch Laoi a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge i mBéal Feirste.
Nasc: Club Aontroma: Laochra Loch Laoi - Reáchtálann Óga Yoga ranganna ióga trí mheán na Gaeilge.
Nasc: www.ogayoga.ie - Is grúpa siúlóide é An Club Siúlach Scéalach a eagraíonn siúlóidí trí mheán na Gaeilge gach Satharn.
Sonraí Teagmhála: siulachscealach15@gmail.com - Eagraíonn Na Cnocadóirí siúlóidí sléibhe trí mheán na Gaeilge.
Nasc: www.cnocadoiri.com - Bíonn Pop-up Gaeltachtaí á n-eagrú go rialta i dtithe tábhairne, ní amháin in Éirinn, ach thar lear. Is imeacht sóisialta é a eagraítear chun foghlaimeoirí agus cainteoirí na Gaeilge a thógáil le chéile ar bhonn neamhfhoirmeálta agus is féidir le duine ar bith ceann a eagrú.
Nasc: Pop Up Gaeltacht - Is grúpa pobalbhunaithe é Muineachán Le Gaeilge a dhíríonn ar fhorbairt phobal na teanga sa chontae.
Nasc: www.mlg.ie - Is grúpa LADTA+ le Gaeilge é Queercal Comhrá Bhaile Átha Cliath a bhuaileann le chéile go sóisialta uair sa mhí. Tá siad ar an bhfód ó bhí 2018 ann agus tá siad ag fás agus ag forbairt i dtólamh. Tagann an grúpa le chéile i gClub Chonradh na Gaeilge agus Pennylane de ghnáth ach, mar gheall ar chás COVID-19, tá an grúpa ag feidhmiú ar líne trí Zoom. Coinnigh súil ar Instragram: @queercalcomhra chun sonraí maidir le dátaí na gcruinnithe a fháil agus tabhair cuairt ar leathanach Facebook an ghrúpa chomh maith: https://www.facebook.
com/groups/anqueercalcomhra. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Queercal Comhrá Bhaile Átha Cliath, seol ríomhphost chuig ecfmcevoy@gmail.com. - Is gréasán ar líne é Tógaimis le Gaeilge iad le haghaidh tuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge, in Éirinn nó thar lear. Feidhmíonn an grúpa ar Facebook, spás oscailte neamhfhoirmeálta ina bhfuil deis ag tuismitheoirí taithí a roinnt, comhairle a mhalartú agus acmhainní a aimsiú a chabhróidh leo timpeallacht a chruthú a bheidh fabhrach do thógáil leanaí le Gaeilge.
Nasc: Facebook Tógaimis le Gaeilge iad