Forbairt Gréasáin

Ar mhaith leat gréasán Gaeilge a fhorbairt?

Céimeanna praiticiúla chun gréasán a fhorbairt
Tá gach duine againn bainteach le gréasán, más é ár dteaghlach atá i gceist nó grúpa cairde nó grúpa sainspéise ar leith. Eascraíonn gréasáin ó go leor imeachtaí, clubanna agus institiúidí lena mbíonn muid páirteach agus feidhmíonn gréasáin mar phobal dúinn ar fad. I gcomhthéacs na Gaeilge, tá gréasáin a fheidhmíonn tríd an teanga ríthábhachtach chun í a chothú agus pobal labhartha a chinntiú di. Is féidir le gréasán Gaeilge a bheith cosúil le pobal sainspéise ar bith eile sa chaoi is go dtagann daoine le chéile le suim ar leith i gcoiteann acu ach amháin go bhfeidhmíonn an pobal sin trí mheán na Gaeilge. Tá go leor samplaí de ghréasáin ann go bhféadfá féin a bheith bainteach leo nó a bhunú tú féin.

D’fhéadfá club leabhar, club siúlóide, cumann amhránaíochta nó cumann spóirt a bhunú chun gréasáin a fhorbairt óna himeachtaí sin agus pobal Gaeilge a thógáil le chéile ar
bhonn rialta. D’fhéadfá maidin caife nó béile a eagrú uair sa tseachtain le Gaeilgeoirí áitiúla nó freastal ar rang ióga trí Ghaeilge le grúpa cairde. D’fhéadfá pobal ar-líne nó grúpa WhatsApp a chruthú mar fhóram do Ghaeilgeoirí ó do phobal féin chun deis úsáidte a chruthú do dhaoine nó chun imeachtaí trí Ghaeilge a eagrú.

Céimeanna chun gréasán a bhunú:

  1. Smaoinigh ar aidhm an ghréasáin. Ar mhaith leat deis fhoglamtha a chruthú do dhaoine trí Ghaeilge? Nó deis aclaíochta a chruthú? Nó scil nua a mhúineadh do dhaoine? An aidhm is mó a bhaineann leis an mbeartas seo ná gréasán Gaeilge a thógáil trí imeachtaí a reáchtáil ach d’fhéadfadh níos mó ná aidhm amháin a bheith i gceist. Mar shampla, d’fhéadfadh aidhm an ghréasáin díriú ar scileanna cócaireachta a thabhairt do dhaoine chomh maith le deis chun an Ghaeilge a labhairt ar bhonn seachtainiúil.
  2. Bunaithe ar an aidhm, roghnaigh imeacht chun daoine le Gaeilge a thógáil le chéile agus smaoinigh ar am, dáta, minicíocht an imeachta, srl. Is fearr gnáthamh a bheith i bhfeidhm in áit cur chuige fánach a bheith ann, mar shampla, teacht le cheile uair sa tseachtain/choicís/mhí ag am agus áit ar leith. Chomh maith leis sin, ní mór smaoineamh an mbeidh costas i gceist agus an bhfuil gá le seomra a fháil ar cíos.
  3. Déan píosa taighde le fáil amach an bhfuil an t-imeacht seo ag feidhmiú trí Ghaeilge cheana féin i do cheantar/réigiún le cinntiú nach mbeidh dúbláil i gceist. Is féidir linn comhairle a thabhairt duit anseo mar sin, déan teagmháil leis an Oifigeach Gréasan ag ursula.nishionnain@antoireachtas.ie nó cuir glaoch ar +353 (0)1 475 3857.
  4. Bain leas as na meáin shóisialta (Facebook, Twitter, Meetup, LinkedIn, Eventbrite, srl.) chun poiblíocht a dhéanamh ar d’imeacht. Scríobh chuig grúpaí/eagraíochtaí Gaeilge sa cheantar chun iad a chur ar an eolas faoin imeacht. Cuir sonraí an imeachta ar fáil don Oireachtas agus cuirfidh muid ar ár suíomh www.greasain.ie iad. Scríobh ríomhphost chuig ár nOifigeach Gréasán ag ursula.nishionnain@antoireachtas.ie leis na sonraí ar fad.
  5. Bain úsáid as téacsanna, WhatsApp, ríomhphoist, srl., chun sonraí an imeachta a scaipeadh ar chairde, ar mhuintir an phobail agus ar gach duine a bhfuil aithne agat orthu. Iarr ar dhaoine na sonraí a chur ar aghaidh chuig daoine eile agus an scéal a scaipeadh chomh fada agus is féidir.
  6. Cruthaigh póstaeir don imeacht agus iarr ar leabharlanna, ionaid phobail, shiopaí, chomhlachtaí, srl. póstaer a chur suas ar a gclár fógraí.
  7. Déan measúnú ar an imeacht ina dhiaidh agus fiafraigh de dhaoine an bhfuil aon mholtaí acu chun é a dhéanamh níos fearr an chéad uair eile. Bí cinnte go gcoimeádann tú daoine ar an eolas faoin gcéad dáta eile agus smaoinigh ar ghrúpa WhatsApp, grúpa Facebook nó Meetup a chruthú chun daoine a choinneáil i dteagmháil lena chéile.