Na Líonraí Gaeilge

I 2015, fuair cúig cheantar aitheantas mar Líonraí Gaeilge, is é sin go n-aithnítear iad mar cheantar taobh amuigh den Ghaeltacht ina bhfuil mais chriticiúil de chainteoirí Gaeilge agus tacaíocht stáit agus seirbhísí ann don spriocteanga. Is iad na Líonraí a fuair aitheantas ná Iarthar Bhéal Feirste (Co. Aontroma), Carn Tóchair (Co. Dhoire), Cluain Dolcáin (Baile Átha Cliath), Baile Locha Riach (Gaillimh) agus Inis (Co. an Chláir). Feidhmíonn pobail na Gaeilge sna Líonraí seo trí ghréasáin shóisialta agus liostáiltear thíos na príomheagrais Ghaeilge atá i mbun forbartha ar na pobail ghréasáin sin:

  1. Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich, Iarthar Bhéal Feirste: www.culturlann.ie/ga
  2. Coiste Forbartha Charn Tóchair, Carn Tóchair: www.ancarn.org
  3. Muintir Chrónáin Teo, Cluain Dolcáin: www.araschronain.ie
  4. Gaeilge Locha Riach, Baile Locha Riach: www.bailelochariach.ie
  5. An Clár as Gaeilge, Inis: www.anclarasgaeilge.net

Tá na Líonraí Gaeilge seo ar fad ag obair le chéile faoin mana ‘Gaeilge le Chéile’ agus is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir leo ag: www.glc.ie. Féach ar na físeáin thíos maidir leis an aitheantas atá tugtha do na Líonraí Gaeilge:

Gaeilge le Chéile

Cluain Dolcáin

Béal Feirste

Carn Tóchair

Inis

Baile Locha Riach